Sainchomhairleoir ar chúrsaí dlí agus beartas athrú aeráide í Sinéad Mercier a bhíonn ag obair i gcomhar le gluaiseachtaí sóisialta, rialtais, comhlachtaí polasaí poiblí agus an earnáil phríobháideach. Tá sí ina taighdeoir dlí i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus tá leabhar foilsithe aici i bpáirt le Michael Holly agus Eddie Lenihan dar teideal "Men Who Eat Ringforts" (Askeaton Arts, 2020)
San eagrán seo den phodchraoladh pléann Sinéad an difríocht idir "timpeallacht" agus "comhshaol", cúrsaí cóilíneachais, an t-aistriú cóir, cur chuige iar-shaormhargadh do chúrsaí comhshaoil chomh maith le tábhacht liosanna agus an tslua sí do chaomhnú comhshaoil.